Cúlra Poilitiúil Thuaiscear Eireann



The Irish Tricolour Flag, a symbol for Nationalists


The Union Flag, a symbol for Unionists

 

Baineann an choimhlint reatha i d'Tuaisceart Éireann le Náisiúnaithe, ar mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil agus ar Caitlicigh iad a bhformhór, agus le hAontachtóirí ar mhaith leo go bhfanfadh Tuaisceart Éireann leis an Bhreatain agus ar Prostastúnaigh iad a bhformhór siúd. Tugtar Poblachtaigh ar na Náisiúnaithe agus is daoine iad a thugann tacaíocht don láimh láidir. Tugtar Dílseoirí ar Phrotastúnaigh a thaobhalonn leis an láimh láidir. Ní achan duine a thugann na teidil seo orthu féin áfach a thaobhaíonn le foiréigean. Tá Arm na Breataine ar na sráideanna ó 1969 ar leith dá dheasca na coimhlinte.

Ar an 9ú de Lúnasa 1971, le lántacaíocht ó rialtas na Breataine, chuir rialtas dílseach Thuaisceart Éireann (Stormont a thugtai air) tús le himtheorannú. Ag deireadh na bliana sin bhí 900 duine istigh acu, Náisiúnaithe a bhí a bhformhór. Chuaigh an cleachtas seo in éadan an chreidimh idirnáisiúnta gur ceart triail chothrom a thabhairt don uile dhuine.Thart fán am chéanna cuireadh toirmeasc de shé mhí ar léirsithe poiblí faoin reachtaíocht phráinneach a bhi i bhfeidhm ag an am. Sa bhliain 1967 bunaíodh Cumann Ceartan Sibhialta Thuaisceart Éireann chun aghaidh a thabhairt ar an leatrom a bhi á dhéanamh ar Chaitlicigh, leatrom a bhí mar bhunchúis leis na trioblóidi. Ghairm an Cumann léirsiú i nDoire don 20ú Eanáir 1972 chun agóid a dhéanamh in aghaidh an toirmisc seo ar bharr a n-easaontú le himtheorannú féin.

Sliocht as "Eyewitness Bloody Sunday", faoi eagar Don Mullan

 

Next: Key Events Leading Up to Civil Rights March on Bloody Sunday

Historical Context Menu

Home / Main Menu / Sources / Credits / Email